Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch
Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch

Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch


***Enable Javascript to see Site Menu ***

Eibhlín Ní Chathailriabhaigh




Léacht Comórtha

‘Cumarsáid idir Cheilteach’

le Éamon Ó Ciosáin

Áras Fhoras na Gaeilge

8pm

Dé Máirt 1 Meitheamh 2010


Éist leist an léacht anseo.


Chun comóradh a dhéanamh ar Eibhlín Ní Chathailriabhaigh a rugadh ar an 1 Meitheamh 1910 beidh Éamon Ó Ciosáin ag tabhairt léachta ar an téama ‘Cumarsáid idir Cheilteach’ ag 8pm in Áras Fhoras na Gaeilge Dé Máirt 1 Meitheamh 2010. Tugadh an léacht seo ag an gComhdháil Cheilteach idirnáisiúnta in Oileán Mhanainn le déanaí agus bhí daoine an- shásta leis.

Tar éis na léachta beidh am do cheisteanna, tae, caifé agus sóláistí.

Rugadh Eibhlín Ní Chatailriabhaigh ar an lá seo cead bliain ó shin, an 1u lá de mhí an Mheithimh 1910.

Bhí saol fada gníomhach aici a thug sí go hiomlán don teanga agus do gluaiseacht na Gaeilge. Bhí sí gníomhach i gConradh na Gaeilge ó bhí sí ina cailín óg.

Sa bhliain 1939 athbhunaigh Eibhlín Ní Chathailriabhaigh i dteannta le Donal Ó Dúill "Oireachtas Na Gaeilge" agus bhí Eibhlín mar rúnaí ar an Oireachtas ag an tús.

Bunaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge sa bhliain 1943 agus ar feadh tréimhse ón am sin bhí sí mar rúnaí ar an eagraíocht sin.

Bhí sí mar croí lár na hArd Craoibhe de Chonradh na Gaeilge ar feadh na mblianta fada. Bhíodh sí ag múineadh Gaeilge i ranganna na hArd Craoibhe agus is i is mo a d'eagraíodh Fleadh na Nollag.

Bhí baint mhór aici le Cairde Na Cruite. Ghlac sí páirt mhór gníomhach sa Chomhdháil Cheilteach agus bhí sí i ngach oifig ag leibhéil na craoibhe náisiúnta agus fiú ag an leibhéil idirnáisiúnta.

Bhí post aici mar stáit sheirbhíseach sa Roinn Oideachais agus sa Roinn Talmhaíochta. Nuair a d'éirigh sí as an Stáit Sheirbhís chaith sí tamall i dtionscal na n-ostán.

Bhí pearsantacht láidir ag Eibhlín. Ba bean máistreasúil i a chur cuid mhór rudaí i gcrích go héifeachtach.

Ní bheidh a leithéidí arís ann.

Tuilleadh eolais

WWW.CCheilteach.ie